Spás agus am an dá rud is mó a bhíonn ag teastáil ó gach scríbhneoir agus ní miste comhluadar daoine eile a bheith acu le hiad a choinneáil dírithe ar na spriocanna a leagann siad amach dóibh féin. Sna seisiúin seo, tiocfaidh scríbhneoirí Gaeilge le chéile in Outhouse, Baile Átha Cliath, le dul i mbun pinn ar a gcuid tionscadal féin nó i dtionscadail chomhpháirteacha le scríbhneoirí eile. Seisiún míosúil is ea é seo a bheidh ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí. Beidh aoi-áisitheoirí chugainn i gcuid de na seisiúin.
ELP Language
              Irish
      
      ELP Categories
              Language, Culture, and Arts
                Language Revitalization, Education, and Learning
                Language Documentation, Research, and Archiving
      
      Resource Types
              Website
      
      Country
              Ireland
      
      Media Image
              Placeholder 1
      
      Audience
              Community
      
      Tag
              Reading and Writing
                Poetry and Literature
      
      URL
              https://www.aerachaiteachgaelach.net/nuacht/seisiuin-scribhneoireachta